Anois Teacht an Earraigh “Anois teacht an Earraigh beidh an lá dúl chun shíneadh, Is tar eis na féil Bríde ardóigh mé mo sheol. Go Coillte Mach rachad ní stopfaidh me choíche Go seasfaidh mé síos i lár Chondae Mhaigh Eo.” I gClár Chlainne Mhuiris A bheas mé an chéad oíche, Is I mballa taobh thíos de A thosós mé ag ól Go Coillte Mách rachad Go ndéanfad cuairt mhíosa ann I bhfogas dhá mhíle Do Bhéal an átha Mhóir. Fágaim le huacht é go n-éiríonn mo chroí-se Mar a éiríonn an ghaoth nó mar a scaipeann an ceo Nuair a smaoiním ar Cheara nó ar Ghaileang taobh thíos de Ar Sceathach an Mhíle nó ar phlánaí Mhaigh Eo. Cill Aodáin an baile a bhfásann gach ní ann, Tá sméara is subh craobh ann is meas de gach sórt, Is dá mbéinnse i mo sheasamh i gceartlár mo dhaoine D’imeodh an aois díom is bheinn arís óg. Bíonn cruithneacht is coirce, fás eorna is lín ann, Seagal i gcraobh ann, arán plúir agus feoil, Lucht déanta poitín gan licence á dhíol ann, Móruaisle na tíre ann ag imirt is ag ól. Tá cur agus treabhadh is leasú gan aoileach Is iomaí sin ní ann nár labhair me go fóill, áitheanna is muilte ag obair gan scíth ann, Deamhan caint ar phingin cíosa ná dada dá shórt.