Féile Bríde.

Naomh Bríd
Is é an chéad lá de Fheabhra Lá Fhéile Bríde. Is í Bríd éarlamh baineann na hÉireann. Tugtar Bríd Naofa agus Banríon na nGael uirthi i measc Críostaithe na hÉireann ach is sine Bríd ná an Chríostaíocht féin. Ba bhandia ag na Ceiltigh í Bríd. Breathnaíodh ar an mbandia Bríd mar mháthair ar gach rud agus bhí baint aici leis an talamh, leis an aer, le tine agus le huisce. Bhí torthúlacht ag baint léi freisin.
Ceaptar gur ar an 1 Feabhra a fuair Naomh Bríd bás agus mar sin déantar ceiliúradh uirthi ar an lá seo. Is é an 1 Feabhra tús an earraigh san fhéilire Éireannach chomh maith.