Seachtain na Gaeilge 2015

The WinnerCé go bhfuil Gaeilge in úsáid mar mhodh chumarsáide i measc páistí na scoile, i Scoil Chiaráin Naofa, Áth Stúin, tá Seachtain na Gaeilge thart do bhliain amháin eile. Bhí an-spraoi go deo san Halla Pobail in Áth Stúin oíche dé Déardaoin seo chaite nuair a ghlac slua mhór, idir tuistí, iar-scoláirí agus páistí scoile idir óg agus aosta, páirt i dtráth na gceist. Ní raibh an iomaíocht ró ghéar, mar oíche spórt do chách a bhí i gceist. Bhí Nadia agus Mary i bhfeighil agus bhí Conchubhar mar fhear an tí. Bhuaigh beagnach gach éinne duais agus chuaigh gach éinne abhaile tuirseach ach sásta.

An lá dar gcionn bhí Conchubhar sa scoil chun agallamh a dhéanamh le na páistí ó rang na naíonáin go rang a sé. Bhí sé ag iarraidh an an duine a rinne an dul chun chinn is mó, thar na bliana, a phiocadh amach. Bhí an iomaíocht an-ghéar anseo agus sa deireadh bhí gach éinne sásta leis an toradh. Bhí boinn ór, airgead agus cré umha don triúr ab fhearr i ngach rang.

You may also like...

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *